Irimia 29:23An Bíobla Naofa 1981Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ” Féach an chaibidil |
Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.