Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.
Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá: “Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad: ‘Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!’ ” Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise.
Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.