Irimia 29:13An Bíobla Naofa 1981Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.” Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.