Nuair a bhí Hanainiá fáidh tar éis an chuing, a thóg sé de mhuineál Irimia fáidh, a bhriseadh, tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:
Ach an oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:
Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.
Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.
Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia: