Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 28:10

An Bíobla Naofa 1981

Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna,” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”

Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.

“Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam.

Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”

Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’

Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.

“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí