Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.
Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”
Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”
An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:
Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”
Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.