Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’
Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”