Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 27:16

An Bíobla Naofa 1981

Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.

Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.

Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh.

Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.

Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d'iompair sé chuig an mBablóin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí