Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.
Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.
radharc ar na mná go léir a fágadh i bpálás rí Iúdá, iad á dtreorú amach go hoifigigh rí na Bablóine agus iad ag canadh mar seo: ‘Mheall siad thú; rug siad bua ort, do chairde breátha! An dtéann do chosa faoi sa láib? Siúd leo chun bóthair!’
Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.
A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.