Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 25:29

An Bíobla Naofa 1981

Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

mar cloisfear trácht thar d'ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall - má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo,

Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.

Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!

Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

séard a déarfaidh tusa leo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.

Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d'anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa.

Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.

Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”

Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!

Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;

“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!

Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile.

Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.

Faoi mar a d'ól tusa ar mo shliabh naofa ólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall; ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu, agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.

“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.

Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”

Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí