Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
“Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.