Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:
Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: “Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.”
Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.
Do shaibhreas, d'earraí, do lasta, d'fhoireann, do mhairnéalaigh, do chalcairí, do cheannaithe, do fhir chogaidh atá ar bord, agus do chomhluadar uile; rachaidh siad uile go tóin poill i gceartlár na farraige lá do longbhriste.
“A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh.
“Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól.