Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 25:11

An Bíobla Naofa 1981

Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.

(Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)

Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”

Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”

Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.

Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”

Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo.

D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach, bhí a bailte uile scriosta, i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.

Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Scriosfar an tír ar fad, cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;

Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.

Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.

Abair le pobal na tíre: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n‑arán le faitíos agus ólfaidh siad a n‑uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n‑áitritheoirí.

Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.

Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.

Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.

Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’

“Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí