An briathar a tháinig go Irimia i dtaobh phobal Iúdá uile sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá (b'í sin an chéad bhliain de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine).
Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d'Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é.
Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.
An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.
Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.