Irimia 24:9An Bíobla Naofa 1981Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad. Féach an chaibidil |
“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.
Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”
Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.