“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.
Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.’
ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan.
Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?
a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”