Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Céard a fheiceann tú, a Irimia?” Dúirt mise: “Fígí, na cinn mhaithe rómhaith, na droch-chinn ró-olc ionas nach féidir iad a ithe ar a n‑olcas.”
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n‑olcas.
Dúirt an Tiarna liom: “A Amós, cad é a fheiceann tú?” “Dorú pluma,” arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.
(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)