Irimia 24:2An Bíobla Naofa 1981Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas. Féach an chaibidil |
Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.