Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”
Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”
Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.