Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 23:22

An Bíobla Naofa 1981

An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.

(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)

Ba é a dúirt siad: ‘Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha le saol na saol.

Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.

Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b'fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n‑éigeart agus a bpeaca dóibh.”

Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?

De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;

“Ní dheachaigh sibh suas sna bearnaí ná níor dhaingnigh sibh muintir Iosrael, ionas go seasfaidís sa chath lá an Tiarna.

Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.

Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.

“A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann.

Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.

Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.

mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.

Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí