“ ‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo?
Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: ‘Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n‑aghaidhne? Céard é ár n‑éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?’
anois tá sé tugtha i gcrích aige. Rinne an Tiarna de réir a bhriathair, óir pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna agus níor umhlaigh dá ghuth; mar sin tháinig seo oraibh.
Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n‑admhóidh siad a n‑imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Tuigfidh na ciníocha gur seoladh muintir Iosrael i mbraighdeanas de bharr a bpeaca, de bhrí gur imir siad chomh fealltach liom gur iompaigh mé m'aghaidh uathu agus gur thug mé suas dá naimhde iad; agus gur thit siad uile leis an gclaíomh.
Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.