Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 22:27

An Bíobla Naofa 1981

Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh, óir is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna.

Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.

“Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó

ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”

Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.

An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?

Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”

Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”

De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí