Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.
Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d'aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”
Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”
De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”