Irimia 22:20An Bíobla Naofa 1981“Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d'aos grá uile! Féach an chaibidil |
cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.