Irimia 21:7An Bíobla Naofa 1981Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’ Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.