Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 21:14

An Bíobla Naofa 1981

(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.

Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.

Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

Is é sin an fáth a gcuirfidh Tiarna na Slua meath ar a chuid gaiscíoch; faoina rachmas thíos beidh dóiteán ag dó mar a dhónn tine.

An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir, agus abhus ar talamh ríthe na talún.

Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.

Crann ola breá géagach, daingean, a thug an Tiarna d'ainm ort. Faoi ghreadadh gaoithe móire cuireann sé tine lena dhuilliúr; tá a chraobhacha ar lasadh.

“Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n‑ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n‑iníonacha le gorta.

Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.

Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”

Is é a dúirt an Tiarna: “Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin.

Tá fir do mhillte tofa agam, ag gach uile fhear acu tá a thua; gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat, agus teilgfidh sa tine iad.

Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!

leagfaidh siad a foraois - is é an Tiarna a labhraíonn. Sea, tá [siad] thar áireamh, níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.

Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.

Séideann na boilg go fíochmhar go ndéana an tine an luaidhe a dhó. Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar, ní ghlantar an conamar as.

“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin:

Bhasc sé le fraoch feirge cumhacht uile Iosrael; níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe in aghaidh an namhad; las sé suas in Iacób mar chraos tine a d'ídigh a raibh ina thimpeall.

Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.

Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.

Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí