Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 21:13

An Bíobla Naofa 1981

Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ar nós na gcnoc is na sléibhte thart timpeall Iarúsailéim, bíonn an Tiarna thart ar a phobal, anois agus choíche.

Ghluaiseadar ar aghaidh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh.

Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: ‘Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!’

Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe,

Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreach mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

Is chugatsa atáim, a uaibhrigh! An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn; tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.

Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, - an Tiarna a labhraíonn - a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.

Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!

Níor chreid ríthe an domhain mhóir ná duine ar bith dá maireann ar an saol go rachadh namhaid nó eascara dá laghad isteach trí gheataí Iarúsailéim.

Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.

uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí