Irimia 20:7An Bíobla Naofa 1981Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine. Féach an chaibidil |
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.
Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”