Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”
Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.
Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?
Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”
Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.
Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.