Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 2:31

An Bíobla Naofa 1981

A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Forann leis: “Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?” “Ní raibh aon ní,” ar sé, “ach lig dom imeacht.”

D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”

Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!

Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;

Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.

Níor labhair mé i modh rúin ná áit éigin i gcríoch dhorcha. Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib: Cuardaígí mé san éagruth. Mise, an Tiarna, labhraím ceart agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.

Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.

Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: ‘Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’

Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.

Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.

ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.

Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.

Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.

Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d'ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,

Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.

Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.

[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.

(Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú, agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí