Irimia 2:19An Bíobla Naofa 1981Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn. Féach an chaibidil |
Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”