Chuir siad d'iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.
Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.
D'ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’
Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d'íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;
Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe - dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe.