Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.
a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”
‘Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.”
“A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig.
Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”