Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 18:19

An Bíobla Naofa 1981

Tabhair cluas dom, a Thiarna, éist le céard tá á rá ag mo naimhde.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Claon do chluas, a Thiarna, agus éist. Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic. Éist le briathra Shanaichéiríb A chuir sé a mhaslú Dé bheo.

Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.

Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.

I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh; ach bímse ag guí.

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.

Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne, a ransaíonn na háranna agus an croí, feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d'fhoilsigh mé mo chúis.

Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm; seas ceart dom.

Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí