Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh
Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.
Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?
“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’
Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.
Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d'ardán agus scriosfaidh d'ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht.
Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda.
Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.”