Irimia 17:26An Bíobla Naofa 1981Tiocfaidh siad as bailte Iúdá, as na ceantair thart ar Iarúsailéim, as tír Bhiniáimin, as an Achréidh, as na sléibhte agus as an Neigib, ag tabhairt ofráil loiscthe agus íobairtí, tabhartas bia agus túise, agus íobairtí molta i dTeampall an Tiarna. Féach an chaibidil |
Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’