Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 17:22

An Bíobla Naofa 1981

Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d'ordaigh mise do bhur n‑aithreacha.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol.

Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d'asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach.

Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;

Ach má éisteann sibh go dúthrachtach liomsa - an Tiarna a labhraíonn - agus gan ualach a bhreith trí gheata na cathrach seo lá na sabóide, ach lá na sabóide a naomhú agus gan obair a dhéanamh ann,

Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad.

Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.

Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.

Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.

Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.

Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.

Agus dúirt sé leo: “Tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.”

Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí