Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.
Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: “Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach - agus i ngeataí uile Iarúsailéim.
Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d'anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa.
De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n‑aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.
Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór,
Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”