Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 17:18

An Bíobla Naofa 1981

Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise; cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa. Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.

Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream atá ar tí mo mharaithe. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire lucht beartaithe oilc i m'aghaidh.

Go dtaga orthu díothú gan choinne; go gceaptar iad féin sa líon a chuir siad i bhfolach romham. Go dtite siad sa chlais.

Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall; nár dhéantar mo náiriú go deo.

Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.

Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.

Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm; dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha. Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir, coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.

“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.

Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.

Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: “Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach - agus i ngeataí uile Iarúsailéim.

Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.

A Thiarna, beannaigh a mhaoin agus glac le saothar a lámh. Basc leasracha a naimhde agus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.

Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile], meascaigí dise é le dúbailt tomhais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí