Irimia 16:4An Bíobla Naofa 1981Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún. Féach an chaibidil |
“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.
Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.