Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.
Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n‑iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n‑aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:
tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.
Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.
Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo: