Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann, gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise; cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa. Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!
Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.
“Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.
Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.
Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.