Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!
Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”
Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’
An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’
Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.