ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”
Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia; bailigh le chéile sinn as measc na náisiún go dtugaimis buíochas do d'ainm naofa, is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.
Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.
Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.
Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.
“Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”
Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.
Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.
Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”
Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.
Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.
tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh.
“Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht; beidh taibhrimh ag bhur seanóirí agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.
Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.