Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?
Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!
Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine.
Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise? Tá do phian doleigheasta. Rinne mé na nithe sin uile leat, mar gheall ar mhéid do chiontachta, agus ar iomadúlacht do pheacaí.
Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.