Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.
Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.
Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.
Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’
Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.”