Fiú na heilite, nach dtréigeann sí ar an réiteach a hoisín nuabheirthe, mar nach bhfuil féar ann.
Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí agus oisíní gleoite á mbreith aici.
Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.
Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó.
Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.