Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,
Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
Beidh ort imeacht as an áit sin freisin agus do lámha ar do chloigeann agat, mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna, agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.”
Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.
Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.
Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Má bhíonn ceann ar bith de chlanna an domhain ann nach rachaidh suas go Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh, ní thitfidh aon bháisteach orthu.