Irimia 14:18An Bíobla Naofa 1981Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ” Féach an chaibidil |
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.