Ansin tháinig briathar an Tiarna chugam:
Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair:
D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.
“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Sa chaoi chéanna millfidh mé uabhar Iúdá agus Iarúsailéim.
D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.